School: Tír an Fhiaidh
- Location:
- Tír an Fhia, Co. Galway
- Teacher: An tSr Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)iad in t-áit agus d'imhthigh mé fhéin agus thusa ar dhá chapall agus thug muid a n-aghaidh ar Éirinn. "Ní chuimhnigim air" adeir an coilleach. "Ní cheart dhuit sin" adeir an chearcaín. "An gcuimhnuigheann tú ar an lá a dhubhairt mé leat breathnú do dhiaidh agus féachaint a bféichfeá toirt fiadh ná finneóige ag tigheacht. Bhreathnuigh tú agus dubhairt tú go bfaca tú rud éicint dubh ag tigeacht. Dubhairt mé leat breathnú i gcluas an chapaill agus féachaint an raibh aon rud ann. Bhreathnuigh tú agus chonnaich tú dosán fraoigh. Dubhairt mise leat é chaitheamh do dhiaidh." "Ní chuimhnighim air" adeir an coilleach. "Ní cheart duit sin" adeir an chearcaín. "An gcuimhnuigheann tú ar an lá a mharbhuigh mé m-athair agus mo mháthair mar gheall ort"? "Ní chuimhnigim air" adeir an coilleach. "Ní cheart dhuit sin" adeir an chearcaín. "An gcuimhnuigheann tú ar an lá a fhág tú sa gcoill mé? Ag dul isteach dhuit dubhairt mé leat gan leigint d'aoinne pógh a bhaint dhíot nó nach gcuimhneóchadh tú go bhfaca tú ariamh mé. "Cuimhnighim air" adeir an coilleach. "Cuimhnuigheann mise freisin air" adeir mac an ríogh. Do bhí an bhean seo a chuir ag innseacht ag sgéil an chearc agus an coilleach ingean shean nduine na féasóige liatha. D'éirigh mac an ríogh suas agus(continues on next page)
- Informant
- Séamús Ó Congalaigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Tír an Fhia, Co. Galway