Scoil: Tír an Fhiaidh
- Suíomh:
- Tír an Fhia, Co. Galway
- Múinteoir: An tSr Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)braonacha téarra ag tuitim uirri. Chuir an triúr iad fhéin timhceall uirthi agus thugadar amhach as an lasaidh slán sabáilte í. Tharraing siad amhach a dtrí claidhimhthe agus marbhuigh siad trian eile d'Éirinn. Bhí dá trian d'Éirinn marbhuighthe aca anois. Chuaidh an rí go dtí an draoi-doir agus dubhairt sé leis mara gcuireadh sé de? éicint orra nach bfagfadh siad aoinne beo sa tír. Rinne an draoi-doir dall dhóibh.
Bhí go maith nuair a bhí siad dall ní bhíodh aca ach ag rith indhiaidh an torainn. Dubhairt siad fhéin le chéile nach raibh aoinne in-ann iad a chur cun báis ach iad fhéin. Theann siad le chéile agus mharbhuigh siad fhéin a chéile. An chéad bhuille a bhuail duine aca ar an gceann eile dubhairt sé:-
"Airighim do bhuille a dhearbhráthair".
"Ní iongantas dhuit" adeir an dearbhráthair" má fuair tú é.
Nuair a bhí beirt marbhuighthe chuir an duine eile a chlaidheamh fhéin tré na chroidhe. Nuair a chonnaich an rí marbhuighthe iad, tháinig sé agus dubhairt sé leis an mbean. "Tá tú i ngreim anois agus mo chuid fir crodha camla marbhuighthe mar gheall ort." "Níl mise ag iarraigh a dhul ó bhás" arsa an bhean "ach tabhair cead dhom mo chuid fir bhreágh a chaoineadh. Nuair a bhí a dóthain caointe aici ní dhearna sí ach claidheamh a fir a chur tré na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seamus Ó Conghalaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tír an Fhia, Co. Galway