School: Leitirmealláin

Location:
Leitir Mealláin, Co. Galway
Teacher:
Éamonn Ó Gógáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 375

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 375

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitirmealláin
  2. XML Page 375
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    le n-ithe agus le n-ól ag an deárbhráthair saidhbhir acht ní bhíodh an deárbhrathair bocht mar sin. Chuimhnigh an duine bocht ar chleas a bhainfeadh cuid de'n airgead de'n duine saidhbhir. Fuair sé cearc agus mharbhuigh sé í. Chraith sé an fhuil timcheall a mhná agus dubhairt sé léithe gan imtheacht as sin acht fanacht go ciúin. Chuaidh sé chuig an duine saidhbhir agus dubhairt sé leis gur mharbhuigh sé a bhean mar go raibh sí an-olc leis. Caithfidh mise mo bhean fhéin a mharbhughadh adeir an duine saidhbhir mar tá sí an olc liom. Mharbhuigh sé a bhean agus ní raibh bean an duine boicht marbhuighthe chor ar bith. Chuimhnigh sé ar chleas eile agus seo é. Tá girrfiadh agam-sa agus rud ar bith a déaras mé leis déanfaidh sé é. Ar an bpoinnte sin dubhairt an duine bocht leis an ngirrfiadh a dhul ag iarraidh buidéal uisge beatha. Fuair an duine bocht buidéal uisge beatha agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0565: The Magic Mill
    AT1536: Disposing of the Corpse
    AT1539: Cleverness and Gullibility
    Language
    Irish
    Collector
    Maighréad Nic Dhonnchadha
    Gender
    Female
    Address
    Leitir Mealláin, Co. Galway
    Informant
    Máire Bean Uí Mhaol-Dia
    Gender
    Female
    Age
    80
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Leitir Mealláin, Co. Galway