School: Leitirmealláin
- Location:
- Leitir Mealláin, Co. Galway
- Teacher: Éamonn Ó Gógáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitirmealláin
- XML Page 343
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)tháinig sé chuig teach feilméara. Bhí go leór bó aige agus theastuigh buachaill uaidh le iad a sheóladh. Dubhairt Seán leis an máighistir cloch mhin-choirce a thabhairt dhó gach maidin agus tráthnóna. Bhíodh sé ag seóladh na mbó gach maidin agus arís san oidhche. Bhíodh sé ag seóladh na mbó aghus chuir an feilméar faoí mhóid é gan iad a leigint isteach i gcaisleán na bhfathach mar go mbarbhóchadh na fathaigh é. An chéad lá ar sheól sé na ba chuir sé isteach sa gcaisleán iad agus ar an bpoinnte is a bhí sé istigh tháinig an fathach chuige agus dubhairt sé leis a dhul ag carraidheacht agus chuaidh agus mharbhuigh Seán é. D'imthigh Seán abhaile agus bhí go leór bainne ag na beithidhigh agus dubhairt fear an tíghe leis. Tá go leor bainne ag na beithidhigh agus tá mé ag ceapadh(continues on next page)
- Collector
- Maighréad Nic Dhonnchadha
- Gender
- Female
- Address
- Leitir Mealláin, Co. Galway
- Informant
- Maighréad Bhreathnach
- Gender
- Female
- Age
- 21
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Leitir Mealláin, Co. Galway