School: Leitirmealláin

Location:
Leitir Mealláin, Co. Galway
Teacher:
Éamonn Ó Gógáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 278

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 278

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitirmealláin
  2. XML Page 278
  3. XML “Scéalta Greannmhara”
  4. XML “Scéalta Greannmhara”
  5. XML “Scéalta Greannmhara”
  6. XML “Scéalta Greannmhara”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 2.
    Casadh Seán agus Pádhraic ar a chéile i siopa agus d'fhiafruigh Seán de Phádhraic a ngearrfadh sé a chuid fataí i mbliadhna. Dubhairt Pádhraic "gearrfaidh, acht caithfidh tú chúig sgilleacha a thabhairt dhom an uair seo". Dubhairt Seán, "gearrfaidh tú é ar ceithre sgilleacha nach rabhamar ag dul ar sgoil le chéile, agus nach rabhamar ins an leabhar céadhna." Dubhairt Pádhraic "Nach bhfuil muid ins an leabhar céadhna anois freisin" ag teasbáint leabhar an tsiopa dhó.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. 3.
    Chuaidh bean chuig siopa ag ceannacht uibheacha agus thug an siopadóir uibheacha an-bheag dhi. Dubhairt sí leis go rabhadar an-bheag. Dubhairt sé go raibh acht go rabhadar úr mar tugadh isteach ar maidin iad. Dubhairt an bhean, "Bíonn an oiread deifir ar na feilméaraí a gcuid ubh a dhíol is go dtógann siad as na neadracha iad ró-luath agus ní bhíonn am aca eirghe mór."
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Maighréad Nic Dhonnchadha
    Gender
    Female
    Address
    Leitir Mealláin, Co. Galway
    Informant
    Máirtín Ó Conghaile
    Gender
    Male
    Age
    59
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Leitir Mealláin, Co. Galway
  3. 4.
    Chuaidh buachaill isteach i siopa agus thóg sé oráiste agus níor íoc sé air. D'fhiafruigh an siopadóir de cé'n fáth nar íoc sé air. Dubhairt sé, "Tá sé sgríobhtha ar an gcárta go bhfuighidh tú sé cinn ar chúig phingne, gheobhfaidh tú cúig cinn ar ceithre pingne, ceithre ann ar thrí pingne, trí cinn ar dhá
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.