School: Leitirmealláin

Location:
Leitir Mealláin, Co. Galway
Teacher:
Éamonn Ó Gógáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 234

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 234

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitirmealláin
  2. XML Page 234
  3. XML “Scéalta faoin Mhaighdean Bheannaithe”
  4. XML “Scéalta faoin Mhaighdean Bheannaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    raibh i bhfad suibhalta aca nuair a casadh sgata fear ortha agus iad ag cur síl. Chuaidh sí síos chuca agus chuir sé "Bail ó Dia" ortha agus dubhairt sí dá dtagadh na saighdiúirí thart agus da bh'fhiafruighdís dóibh an bhfacadar bean agus leanbh ag dul thart gan a rádh leó acht go ndeachaidh bean agus leanbh thart nuair a bhíodar ag cur an arbhair. Nuair a chuaidh na saighdiúirí chuig an ngort d'fhiafruigheadar do na fir an bhfacadar bean agus leanbh ag dul thart. Dubhairt na fir go dtáinig bean agus leanbh thart nuair a bhíodar ag cur an arbhair. Acht bhí deargadh daol ann agus dubhairt sé gur indé a cuireadh an tarbhar agus sin é an fáth go bhfuil an ghráin ag na daoine ar an deargadh daol ó shoin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. 13.
    Bhí máthair Íosa ag siubhal lá agus í ag imtheacht ó na saighdiúirí. Ní raibh i bhfad siubhalta aice nuair a chonnaic sí criathrach a raibh giolcaigh fada ag fás ann. Chuaidh sí isteach i bhfolach ann. Ní raibh sí bhfadh istigh ann nuair a tháinig na saighdiúirí thart. Thosuigh na giolcaigh ag craitheadh ionnus go gceapthá gur ag innseacht do na saighdiúirí go raibh duine eicínt 'na measg seadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
        1. religious tales (~1,085)
    Language
    Irish
    Collector
    Maighréad Nic Donnchadha
    Gender
    Female
    Address
    Leitir Mealláin, Co. Galway
    Informant
    Seán Ó Laighidh
    Gender
    Male
    Age
    96
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Gólam, Co. Galway