School: Leitirmealláin

Location:
Leitir Mealláin, Co. Galway
Teacher:
Éamonn Ó Gógáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 231

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 231

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitirmealláin
  2. XML Page 231
  3. XML “Scéalta faoin Mhaighdean Bheannaithe”
  4. XML “Scéalta faoin Mhaighdean Bheannaithe”
  5. XML “Scéalta faoin Mhaighdean Bheannaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 5.
    Seo sgéal eile a chuala mé faoí Mac Dé
    Nuair a bhí na Iúdaigh ag dul ag céasadh mac Dé ní raibh aon táirngí aca agus chuaidh siad chuig gabha ag iarraidh táirngí air. Níor thug an gabha dhóibh iad agus mharbhuigheadar é. Chuaidh siad chuig tinncéar annsin agus d'iarr siad táirngí air agus go mbéadh post maith aige. Thug sé na táirngí dhóibh agus sé an post a fuair sé na a bheith ag déanamh caintíní. Sin é an fáth nach bhfuil an tádh ó shoin ar na tinncéaraí.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. 6.
    Aon oidhche amháin bhí an Mhaighdean Bheannuighthe agus a mac ag dul thart agus chuaidh sí isteach chuig tinncéar ag iarraidh biorán air agus níor thug sé dhi é. D'imthigh sí léithe annsin nó go dtáinig sí chómh fada le coill. Casadh maor-chaorach dhi agus d'iarr sí biorán air. Bhain sé píosa ghá mhaide agus rinne sé caol é agus chuir sé fhéin in a brat é, agus bhí sí an-bhuidheach dó agus bhí an tádh air agus ar a chuid caorach ó shoin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
        1. religious tales (~1,085)
    Language
    Irish
    Collector
    Maighréad Nic Donnchadha
    Gender
    Female
    Address
    Leitir Mealláin, Co. Galway
    Informant
    Seán Ó Laighidh
    Gender
    Male
    Age
    96
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Gólam, Co. Galway
  3. 7.
    Aon lá amháin bhí na Iúdaigh ag cuartughadh ás Slánuightheóra agus bhí sé in a chodhladh. Is geárr go dtáinig crutach thart agus d'innis sé do Dhia go raibh na Iúdaigh ar a thóir. Dubhairt ár Slánuightheóir nach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.