School: Leitirmealláin

Location:
Leitir Mealláin, Co. Galway
Teacher:
Éamonn Ó Gógáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 230

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 230

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitirmealláin
  2. XML Page 230
  3. XML “Scéalta faoin Mhaighdean Bheannaithe”
  4. XML “Scéalta faoin Mhaighdean Bheannaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 4.
    Aon oidhche amháin bhí an Mhaighdean Bheannuigh[the] agus a mac ag imtheacht ó na saighdiúirí agus bhí an oidhche an-fhliuch. Bhí sí ag imtheacht léithe nó go dtáinig sí chómh fada le teach beag. Chuaidh sí fhéin agus an páiste isteach agus ní raibh istigh roimpi acht bean a' tíghe agus a mac. Bhí an-fháilte roimpi annseo agus d'iarr sí ar bhean a' tíghe cupla fata a chur san teine dhi fhéin agus don pháiste. Mharbhuigheadar laogh freisin agus d'fhan an Mhaighdean Bheannuighthe go maidin. Nuair a bhí an méid sin ithte aca bhí bean a' tíghe le cáca a chur síos acht ní raibh aon ghráinne plúir san teach aice agus dubhai[rt] an Mhaighdean Bheannuighthe léithe go raibh. Dubhairt bean a' tíghe arís nach raibh agus dubhairt an páiste a bhí [!] mbaclainn na Maighdeana Beannuighthe go raibh. Chuaidh sí suas annsin agus is geárr go bhfaca sí an mála lán le plúr agus ghlac sí buidheachas le Dia.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
        1. religious tales (~1,085)
    Language
    Irish
    Collector
    Maighréad Nic Donnchadha
    Gender
    Female
    Address
    Leitir Mealláin, Co. Galway
    Informant
    Seán Ó Laighidh
    Gender
    Male
    Age
    96
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Gólam, Co. Galway