School: An Druim (roll number 13528)

Location:
Drim, Co. Galway
Teacher:
Micheál Ó Concheanainn

Filter stories

Back
/ 164 Forward
Resolution: Low | High
Peigín Audley

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 125

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Peigín Audley.

Tá sgéal agam le n-aithris díbh faoi'n mbaintreach Peigín Audley.
A raibh cómhnuidhe uirthi tigh Neachtair thuas ar bharr an cnuic.
Chuala Tuathail Mhaoinse gur bean í ar theastuigh fear uaithe
Is bheannuigh sé ar maidin ag fiafruigheadh a raibh sí istigh.
2
Séard a dubhairt Máire Bhreathnach sin í ar an teallach í,
Tá súil againn le seachtmhain leat is nach fada atá tu amuigh
Dubhairt Tuathail, éirigh is searr tú féin go siubhlfaidh muid na garrantaí
Is go dtiubharfaidh mé dhuit seanchas ar an áit a bhfuil tú ag dul
3
Más seanchas atá ag teasdáil uait is gur bé sin a thug as baile thú
Chuala mé ag dul tharm nach bhfuil agad acht caora is bó.
Go bhfuil tú taobh le garraidhe talamhna is nach mbeathóchadh sé cearc bhacach dhom
Is anois a dubhairt Pádhraic Bheartlín liom gur fear tú atá ag fagháil deól.

(continues on next page)
Collector
Máire Ní Dhonnchadha
Gender
female
Language
Irish