School: An Druim (roll number 13528)

Location:
An Droim, Co. Galway
Teacher:
Micheál Ó Concheanainn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 103

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 103

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Druim
  2. XML Page 103
  3. XML “An Táilliúir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ta aon tailliur amhain sa mbaile agus ni he an tailliuir firinneach an tailliur sin. Ta se an bhacach agus ni fhagann se an teach. Bhiodh se ag imtheacht o theac go teac fado acht o thainic an aois air ni fhagann se an teach. Is ag gearradh misiuir a thugadh o teach go teach e. Tugann na daoine aige an t-adhbhar agus deanann se an ball a dearfas siad leis. Annsin togann se a misiur. Bionn snaithe agus snathadai aige fein acht ni bhionn aon n-eadach aige. Corr thailliur a mbionn an t-eadach aca. Fiafruigheann na daoine dhe cen la aithrid a beadh se deanta. Innsigheann se e agus cheapfa ar a cuid chainnte nach rinne se aon bhreag ariamh. Tagann na daoine an la aithrid. Fiafruigheann dhoibh ce mbionn siad ag dul. Deireann siad-san "ag iarraidh mo chuid eadaigh". "Deamhan a bhfuil se deanta fos" a dearfas an tailliur agus cuimnigheann se ar phlan ag iarraidh an aimsir a cur thairis. Deireann se go raibh se ag deanamh culaith go gasuirin nach raibh falach do na seacht n-eadai air. Tugann se la aithrid eile annsin uaidh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. clothing and accessories (~2,403)
    Language
    Irish