School: An Druim (roll number 13528)

Location:
Drim, Co. Galway
Teacher:
Micheál Ó Concheanainn

Filter stories

Back
/ 164 Forward
Resolution: Low | High
Aontaí

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 102

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bíonn aonach I nDoire an Fhiaidh agus an sa Spoidéal. Téigheann na jobaire thart ins na tighthe ag ceannacht na mbeithidheach. Bhíodh aonach I dTír an Fhiaidh fadó. Ní bhionn ann anois ach margadh muc. Nuair a cheannuigheas duine beithidhigh fágann sé Luck penny asta agus bíonn sé aige an fhad is bhíos an beithidheach aige. Fágann sé leath-chróin nó píosa dhá sgilling as bó agus sé pighne as caoire. Téigheann Mick Koyne thart le muca agus ceannuigheann na daoine uaidh iad. Bíonns aca go mbíonn sé ag teacht. Téigheann Marcus agus Táilliúir Phádraic Mhicil thart ins na tighthe. Ní bhíodh aonach I dTír an Fhiaidh ná I nDoire an Fhiaidh fadó agus bhíodh ar na daoine ar fad a dhul go dtí an Spidéal. Is fada an turas a bhí orra, suas le 12 míle

Collector
Máire Ní Threasaidhe
Gender
female
Language
Irish