School: An Druim (roll number 13528)

Location:
An Droim, Co. Galway
Teacher:
Micheál Ó Concheanainn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 102

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 102

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Druim
  2. XML Page 102
  3. XML “Aontaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bíonn aonach I nDoire an Fhiaidh agus an sa Spoidéal. Téigheann na jobaire thart ins na tighthe ag ceannacht na mbeithidheach. Bhíodh aonach I dTír an Fhiaidh fadó. Ní bhionn ann anois ach margadh muc. Nuair a cheannuigheas duine beithidhigh fágann sé Luck penny asta agus bíonn sé aige an fhad is bhíos an beithidheach aige. Fágann sé leath-chróin nó píosa dhá sgilling as bó agus sé pighne as caoire. Téigheann Mick Koyne thart le muca agus ceannuigheann na daoine uaidh iad. Bíonns aca go mbíonn sé ag teacht. Téigheann Marcus agus Táilliúir Phádraic Mhicil thart ins na tighthe. Ní bhíodh aonach I dTír an Fhiaidh ná I nDoire an Fhiaidh fadó agus bhíodh ar na daoine ar fad a dhul go dtí an Spidéal. Is fada an turas a bhí orra, suas le 12 míle
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trade
          1. buying and selling (~3,622)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Threasaidhe
    Gender
    Female