School: An Druim (roll number 13528)

Location:
An Droim, Co. Galway
Teacher:
Micheál Ó Concheanainn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 062

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 062

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Druim
  2. XML Page 062
  3. XML “Ainmneacha na mBailte - Poll Uí Mhuirinn”
  4. XML “Ainmneacha na mBailte”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    le feiceál fós taobh thiar don áit a raibh Donnchadh 'na seasadh. Chaith sé an dara cloc agus bhuail sé Donnchadh agus mharbhuigh sé é. Deirtear gur thuit Donnchadh anuas nuair a buaileadh é agus tá leach san ngarrdha ar thuit sé agus tá fuil uirri. Annsin tháinic Muirinn anoir agus thóig sé an baile agus tugtar Poll Uí Mhuirinn ó shoin air.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Is é Poll Uí mo bhaile comhnaidhthe. Is baile beag é. Tá fiche agus a dó teach ann. Tá seacht dteach ceann slinne ann an chuid eile faoi thuighe. Is é an bhaile is fuide ó dheas san Oileán é. Tá mo bhaile lán le sean-daoine a bhfuil neart sean-sgéalta aca. Tá cuid aca indon cuir síos ar Imtheachtaí an Domhain Thoir is ar Imtheachtaí an Domhain Thiar. Tá Micheál Ó Cualáin ar dhuine aca. Pádraic Ó Loclainn. Seán O Cualáin. agus Siobhán Ní Chualáin, Michéal Ó Cualáin agus Nóra Ní Chualáin, Máire Ní Donnchadha, Máire Ní Lochlainn, Micil Ó Conghnaile, Máire Ní Bhéartha, Pádhraic Ó Culáin, Miceal Ó Gríobhtha, Colm Ó Lochlainn, Liam Ó Cualáin, Nóra Ní Chualáin agus Colm Breathnach. Tá a lán sean-bhallaí agus sean fhothracha i mo bhaile agus thíos in iochtar baile
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Location
    Garmna, Co. Galway