School: An Druim (roll number 13528)

Location:
An Droim, Co. Galway
Teacher:
Micheál Ó Concheanainn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 050

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 050

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Druim
  2. XML Page 050
  3. XML “Féilí na Bliana - An Nollaig”
  4. XML “Féilí na Bliana - Lá Bealtaine”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Oidhche Nodlag Mór. Agus an duine a bhíos ag éisteacht leo caillfidhe é. Chuile dhuine a fhéadfas é bíonn sé ina theach féin Oidhche Nodlag. Na daoine nach bhféadfa cuireann siad airgead abhaile. Tá sé de nós ag na daoine óga a dhul ag faoistean Oidhche Nodlag Beag.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bíonn go leor pisreóga ag na daoinibh Lá Bealtaine. Éireigheann daoine le h-éirghe na gréine ionanus go mbeadh síad ag éirghe go moch arís ar feadh an tsamhraidh. Sin é an nós is minicidhe a dheineann síad.
    Dá n-éirigheadh duine an mhaidin sin agus a éadan a nigheachadh(?) sa drúcht ní dhóighfeadh an ghrian ar feadh an tsamhraidh é.
    Goideann cuid de na daoine aoileach as scioból a chomharsan ionanus go mbeadh im ar feadh an tsamhraidh aca.
    An teach a mbeadh an mac is sine dá sliocht beo bíonn sé de nós ag an sliocht sin iachall a chuir ar an mac is sin bó a chomharsan do bhleaghan sul dá n-éirigheadh an ghrian ionanus go mbedh im aca ar feadh an tsamhraidh.
    Ní tugtar cead do aon duine aon teine(?) a thabhairt amach as an teach ná aon bhainne.
    Dá dtagadh duine isteach agus a phíopa a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. May (~639)
    Language
    Irish