School: An Druim (roll number 13528)
- Location:
- An Droim, Co. Galway
- Teacher: Micheál Ó Concheanainn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Druim
- XML Page 016
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)raibh ann ach sean-bhean bhocht. D'aithnigh sí go raibh sé strainséarach. Thosuigh sé ag cur tuairisc na mná léi agus dubhairt sí leis go raibh síad ag triúr fathaigh. D'imthigh sé leis agus níor stop sé go dtáinic sé go dtí an teach a raibh an bhean ba shine ann. Bhí fáilte mór aici roimhe. Dubhairt sí leis gur ag triúr fathaigh a bhí síad. Thug sí dinnéar maith dhó. Ba ghearr go dtáinig an fatach agus píosa mór den choill aige le h-aghaidh teine. "Fúth, fáth, féasógach. Fághaim baladh an Éireannaigh bhréagaigh bhradaigh. Is mór liom de ghreim thú agus is beag liom de dhá ghreim thú. Níl fhios agam céard a dhéanfas mé leat mar a gcuirfidh mé go shéideóig san aer thú nó faoi mo chosa sa lathach." Tharraing sé a rith agus shíl sé dhá thaobh an tighe a bhualadh ar a chéile. Chuir Prince William cois taobh i bhfus agus cois taobh tháll agus chongbhuigh sé amach é. "B'fhéidir duit a bheith ido bhuachaill maith. Béidh fhios agat-sa nach le cóir ná ceart ar bith a thabhairt duit a tháinig mise annseo acht le chuile chóir agus chuile cheart a bhaint dhíot." D'orduigh sé annsin suipéar maith dó. Nuair a d'airigh sé an lá an mhaidin lá'r na bhárach d'éirigh sé. Thug sé a aghaidh ó thuaidh agus aghaidh ó dheas agus d'iarr sé ar Dhia é chuir ar a leas. Nuair a d'airigh an fáthach ina shuidhe é(continues on next page)
- Collector
- Micheál Ó Coighin
- Gender
- Male
- Address
- Baile na Cille, Co. Galway
- Informant
- Máirtín Ó Coighin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Baile na Cille, Co. Galway