School: An Druim (roll number 13528)

Location:
An Droim, Co. Galway
Teacher:
Micheál Ó Concheanainn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 001

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 001

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Druim
  2. XML Page 001
  3. XML “Scéalta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéalta.
    Bhí beirt dearbhráthar ann uair. Bhí duine aca bocht agus an duine eile saidhbhir. Oidhche amháin bhí féasta i teach an dearbhráthar saidhbhir. Chuir sé buidéal fuisce go dtí an dearbhráthair bocht. Nuair a bhí sé ag ól an fhuisge, dubhairt sé, "tabhair dhom do shláinte, a mhí-ádh, ós tú atá againn le fada."
    Déirigh an mí-ádh aníos as an teallach aige. "An bhfuil tú i bhfad annsin?" adeir sé . "Tá mé ann ó déanadh an teach," adeir an mí ádh "ach imtheóchaidh mé anois as agus beidh an t-ádh ort as seo amach." Bhí teach an shaidhbhir lán le daoine agus chuir sé a mháthair go dtí an dearbhráthair bocht. Thug sé cnámh dhi a bheadh sí ag ithe. Nuair a chonnaic seisean an cnámh sháith sé siad [!] i na muinéal é agus tacht sé í. Chuaidh sé go dtí an dearbhráthair saidhbhir annsin agus d'fiafhruigh cé'n fáth ar mharbhuigh sé a mháthair . Tháinic faitchíos ar an dearbhráthair saidhbhir agus thug sé trí chéad punt dhó as ucht gan é innseacht. Chuireadar annsin í. Thóg an dearbhráthair bocht arís í. Chuir sé i na seasamh ó's cómhair dorais an dearbhráthar shaidhbhir i. Chonnaic seisean í agus tháinic faitchios air. Chuaidh sé go dtí an dearbhráthair bocht agus d'fiafhruigh sé dhó, cé'n fáth a raibh sí ag teacht. Dubhairt seisean go mbeadh sí ag teacht go bhfuigheadh sí a cuid airgid. Cuir sé an t-airgead i mála faoi na muineál. Chuir siad aris
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1536A: The Woman in the Chest
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Threasuidhe
    Gender
    Female
    Address
    Leitir Móir, Co. Galway
    Informant
    Séamus Ó Treasuidhe
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    60
    Address
    Leitir Móir, Co. Galway