School: An Cnoc (Leitir Mór)

Location:
An Cnoc, Co. Galway
Teachers:
Bríd Puirséal Máire, Bean Uí Dhuibheagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0070, Page 275

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0070, Page 275

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Cnoc (Leitir Mór)
  2. XML Page 275
  3. XML “Amhrán Sheanadh Phéistín”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Innseochaidh mise sgéal diobh faoi Seana-phéistín.
    Iad ag troid is ag marbhughadh chéile is gan fhios aca cé'n fáth.
    Cúis achrainn é is pléasgadh mar gheall ar na breága
    Tá mé ag ceapadh nach cúis réidhteach é acht gur achrann bhéas ánn.
    Mara socróchaidh Debhaléra é nó arm na Free State é,
    Feicfidh tusa sgeana nó Seanaphéistín dul as áit,
    Mar tá an Diabhail ilár an t-sléibhe,
    Ag cur an bhaile tré na chéile,
    Is fo réir mar fuaireas sgéala tá an abhainn uilig ar lár.
    Níl plean ar bith dá mbféidir nó dá gcuimhneóchainn fhéinn ar
    A b'fearr a dheanfadh réidhteach ná teach Phobuil a dheanamh ann
    Léighfí Aifreann Dé dóibh agus socróchaidís le
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish