School: An Cnoc (Leitir Mór)
- Location:
- An Cnoc, Co. Galway
- Teachers: Bríd Puirséal Máire, Bean Uí Dhuibheagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Cnoc (Leitir Mór)
- XML Page 264
- XML “Fáth Mo Bhuartha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Se fáth mo bhuadhartha nach bhfaighim cead cuarta
Ar na gleanntáin uaigneach ' a mbíonn mo ghrádh
Tá an mhil ar luachair ann, tá im ar uachtar
'S gur i dtús an fhuaicht a bhíos na crainn faoi bhláth.
Níl gaoth adtuaidh ann, níl fearthainn bhuan ann
Tá caladh is cuan ann ag long 's ag bád
Tá tuille buaidh ann, tá turas na cruaiche ann
An té a dhéanfadh suas le na mhúirnín bán.Ní ar shliabh ná ar mhínleach atá stór mo chroidhe-sa
Ach ar thaltaibh míne a mbíonn an féar ag fás
Tá an chuach go h-aoibhinn ar bharr na gcraobh ann
Tá an cruithneacht mhaol ann is an coirce bán.
Tá an t-uan 's an chaora ann, tá iasg i líont' ann
Ta an eala go h-aoibhinn ar an loch ag snámh
Tá an bheach lághach críonna ann, 's a h-árus deanta
'S tá an mhil dá taosgadh ar mo mhúirnín bán.Ní ar shliabh go cinnte a bhíonns stór mo chroidhe-sa
Is ní chodlaim oidhche ach ag deanamh bróin
'Sí méara míne í, 'sí chum an t-síoda í
Béal tanaidhe dílis le 'nar mheall sí a lán
Ba bhinne liom liom í ins na gleanntaibh in uaigneas
Ná ceileabhar cuaiche is ná ceol na n-éan.
'S go mb'fearr liom an uair sin dá mba liom an stuaidh-bhean(continues on next page)