School: An Cnoc (Leitir Mór)
- Location:
- An Cnoc, Co. Galway
- Teachers: Bríd Puirséal Máire, Bean Uí Dhuibheagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ní raibh siad ibhfad imthighthe nuair a chur an ciaróg a gob amach agus dubhairt se "géar, géar," sin e go raibh se ag rádh go ndeacha Sé thart agus deifir a deanamh agus go mbfhéidir go dtugadh siad suas leis.
Annsin chuir an Priompallán a gob amach agus dubhairt sé "Ní headh, ní headh" sin é go raibh an Priompallán ag iarraidh Iosa a saoradh, agus tá sé ráidhte fo bhfuil an Priompallán ar ceann de na rudaí is beannuighthe ar an domhan.
Ní rug siad Air ár dTighearna acht nuair a bhí siad ag teacht inaice leis chuaidh Sé isteach faoi chosa caorach agus leig sé sin slán é.
Deireann na sean daoine leis an dearg daol "cuirim mallacht mo shean-hata ort agus peacaigh an lae indin". Ní deantar aon nidh ar an bpriompallán.- Informant
- Colm Ó Eidhin
- Gender
- Male
- Address
- An Cnoc, Co. Galway