Scoil: An Cnoc (Leitir Mór)
- Suíomh:
- An Cnoc, Co. Galway
- Múinteoirí: Bríd Puirséal Máire, Bean Uí Dhuibheagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Cnoc (Leitir Mór)
- XML Leathanach 176
- XML “Na Coinnle agus an Gallaoireach”
- XML “Na Brobhanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 'Sé an galléarach bhiodh aca fadó le haghaidh nigheacháin dheanadh siad cáca baccastaí agus an sug bhiodh faoi, sin é bhiodh le haghaidh phlainín agus seáltai agus stocaí a dheanamh glan.
Sugh fataí bhiodh aca le haghaidh éadach cadáis agus éadach síoda agus rudaí mar sin. Sin é an galléarach bhiodh ag na daoine nuair nach raibh aon fallearach ins na siopai chor ar bith.
Siad an sórt coinnli bhiodh aca freisin sean piosaí éadaigh a chur síos ar ghéir agus cuireadh siad casadh ionnta agus cuireadh siad casadh ionnta agus cuireadh siad ar tiormughadh iad agus nuair a bhíodh siad breagh tirm lasadh siad iad.
Bhiodh brobhanna freisin aca. Bhaineadh siad íad agus thiormóchadh siad iad. Nuair bhiodh siad tirim aca snaimeadh siad iad agus cuireadh siad tré ola nó tré géir iad agus lasadh siad iad agus bhiodh coinnle breagha annsin.- Faisnéiseoir
- Seósamh Ó hEidhin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Cnoc, Co. Galway
- Fuaireas an teolas seo ó Bhrighid Ní Fhlaithearta Cnoc, Leitirmeallán(leanann ar an chéad leathanach eile)