School: An Cnoc (Leitir Mór)

Location:
An Cnoc, Co. Galway
Teachers:
Bríd Puirséal Máire, Bean Uí Dhuibheagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0070, Page 160

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0070, Page 160

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Cnoc (Leitir Mór)
  2. XML Page 160
  3. XML “Scéal Sholaimh Mhac Dá”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fadó agus sé an t-ainm a bhí air Mac Dá. Bhí sé pósta agus bhí mac aige a nglaoidhtí Solamh air, mar bhí sé an-chríonna. Bhí go leor páistí eile ag an bhfear, freisin. Bhí a máthair tinn agus bhí curtha snas ag Rígh na Gréige léithe a leigean uirthi go raibh sí caillte agus nuair a chreidfeadh a fear go raibh go gcuirfeadh sé féin a chuid fear le í a thabhairt do'n Ghréig. Chuir sí an sgéala ag Rígh na Gréige go mbeadh sí dhá cur anocht agus a bheith ah faireadh le go mbeadh a fhios aige cá mbeadh sí dhá cur, agus í a thabhairt leis do'n Ghréig.
    Nuair a bhí an mháthair caillte bhí siad uilig go brónach. Bhíodar uilig ag caoineadh ach Solamh. "Muise, shílfeá go mbeitheá-sa ag caoineadh, a Sholamh," ars an t-athair leis. "Ó, nach bhfuil sibh uilig ag caoineadh" arsa Solamh, "agus cé'n mhaith mise a bheith ag caoineadh." Bhí a fhios ag Solamh go dtiocfadh Rí na Gréige agus a chuid saighdiúr, agus nuair a tháinig an oidhche d'imthigh leis amach go dtí an uaigh. Bhí go leor coillte ann agus chuaidh sé i bhfolach ionnta. Thug sé trí éan leis - lon dubh, céirseach agus smólach. Ní raibh sé i bhfad ann nuair a tháinig an Rí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0931: Oedipus
    Language
    Irish