School: Ros Muc
- Location:
- Ros Muc, Co. Galway
- Teacher: Stiofán Ó hOisín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ros Muc
- XML Page 353
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sean SgéalBhí bean agus fear ann fadó. Sé an t-ainm a bhí ortha Nóra agus Domhnall agus ní raibh duine ar bith sa teach acht iad fhéin. Bhí cat agus luch ann freisin. Chuir Nóra síos pota leite. Nuair a bhí sé bruithte dubhairt Nóra le Domhnall breathnú amach go bfeicfeadh sé an raibh aon duine ag teacht. Breathnuigh Domhnall amach agus céard a d'feicfeadh sé ach cailleach mhór ag teacht.
Chuaidh 'chuile rud i bhpolach. Cuaidh an luch 'san bpoll agus chuaidh an cat i bhpolach agus chuaidh siad fhéin ar an lota. Tháinig an chailleach isteach agus d'ith sí a dóthain. Dubhairt Domhnall léithe imtheacht agus gan an méid sin a ithe. Dubhairt an chailleach leis breathnú anuas agus bhreathnuigh. Bhuail sí bos ar a chúl agus chaith sí síos sa mála é. D'imthigh léithe agus thug sí léithe Domhnall sa mála. Nuair a bhí sé ag dul thar gháirdín dubhairt sé "ní dheacha mo mháthair-sé thar an(continues on next page)- Collector
- Brighid Ní Conaire
- Gender
- Female
- Address
- Gairfean, Co. Galway
- Informant
- Seán Ó Conaire
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Gairfean, Co. Galway