Scoil: Ros Muc

Suíomh:
Ros Muc, Co. Galway
Múinteoir:
Stiofán Ó hOisín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 335

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 335

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ros Muc
  2. XML Leathanach 335
  3. XML “Ciste Óir i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ciste óir i bhfolach
    Deirtear go bhfuil ciste óir i bhfolach annseo agus annsúid ar fud na tíre a bhí ag sean daoine fadó. Níor mhaith leo an t-ór a fágáil i (nd)[sic] na ndiaidh ag a gclainn agus séard a dhéanaidís é a chur i bhfolach faoí bun crainn. Tá ciste óir i bhfolach faoí bhun crainn san gceanntar seo againn-ne agus deirtear go bhfuil eascon dhá fhaireadh.
    Tá sé ráidhte go ndeacha fear dhá thoruigheacht agus nuair a tháinic sé go dtí an ciste chonnaic sé an eascon casta ar an gciste. Sé Seán Phádraig Mhíchil a chuir faoín gcrann é. Acht nuair a tháinic an fear seo ag an bpoll léim an eascon amach chuige agus rith sé le na anam agus ní raibh sé de mhisneach ag aon duine a dhul go dtí an crann ariamh ó shoin.
    Bíodh na sean-dhaoine ag rádh dhá gcaitheadh an fear trí bhraon uisge coisreacan ar an n-eascon go bhfuigheadh sé bás
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Uí Conaire
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ros Cíde, Co. Galway
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Conaire
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Seoladh
    Ros Cíde, Co. Galway