School: An Gort Mór (roll number 10582)

Location:
An Gort Mór, Co. Galway
Teacher:
Criostóir Mac Aonghusa
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 304

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 304

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Gort Mór
  2. XML Page 304
  3. XML “Cá Raibh tú ar feadh an Lae”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 1
    Cé rabh tú ar feadh an lae a bhuachaillín óg,
    Cé rabh tú ar feadh an lae a rí gheal is a stór
    Ag fiadhach is ag foghlaoracht a mháithrín ó.
    Is cóirighidh mo leabaidh is tá mé tinn fós.
    2
    Céard a d'ith tú ar do dhinnéar a bhuachaillín óg,
    Ceard a d'ith tú ar do dhinnéar a rí gheal is a stór
    Sicíní neimhe ar phlaitíní óir
    Is cóirigh mo leabaidh is tá mé tinn fós.
    3
    Céard a d'fhág tú ag t-athair a bhuachaillín óg,
    Céard a d'fhág tú ag tathair a rí gheal is a stór,
    Teach agus talamh a mháthairín ó
    Is cóirigh mo leabaidh is tá mé tinn fós.
    4
    Céard a d'fhág tú ag do mháithrín a bhuachaillín óg
    Céard a d'fhág tú ag do mháithrín a rí gheal is a stó[r]
    Cóiste is cheithre caiple a mháthairín ó
    Is cóirigh mo leabaidh is tá mé tinn fós.
    5
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Máirtín Ó Caodháin
    Gender
    Male
    Address
    An Turlach, Co. Galway