Sean Fhocla a chruinnigh gasúir na Sgoile Ní i gcomhnuidhe bhíos aonach ann. Is beatha do dhuine a thoil. Dá chuid den obair í thosuighe. Ní fiú an tairbhe an trioblóid. Nuair a bhíonns an bolg lán is mian leis na gnámh síneadh. An té chruthaigh neamh agus parrthas níor dhearmad sé é féin. An té mbíonn an t-ádh air fhéin bíonn sé ar a chat is a mhadadh. An lá a bhíonns ag báisteach bíonn sé fliuch. Bíonn a chiall fhéin ag chuile amadán. Deireadh gach sláinte osna. An barran a bhíos mór bíonn an fata mór fuithe. Ní airigheann subhach sáthach bolg fallamh. Sé teanamh an dá chailleach is gan ceachar acab ag teacht. Ní theagann an aois is an óige le chéile. Chuait ghearr is í dhéanamh go hannamh is an uair sin fhéin i dteach do charaid. Ba mhinic deatach mór ar dhroch theine. Sé dubhairt an bhean ruadh bhí i dtosach an tsluaigh gan an dorus ó thuaidh bheith osgluigthe. I ngan fhios don dlighe is fearr a bheith ann.
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »