School: An Gort Mór (roll number 10582)
- Location:
- An Gort Mór, Co. Galway
- Teacher: Criostóir Mac Aonghusa
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gort Mór
- XML Page 280
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí fear agus bean ann fadó agus bhí siad an bhocht.”
(continued from previous page)adeir fear an tighe. Taobh thoir don teach bhí teach mór a rabh go leor caoirigh agus beithigh ag muintir an tighe. Nuair a bhí sé an oidhche dimthigh an fear strainséara amach. Faoi cheann leath uaire tháinic sé isteach agus caora mhór ramhar aige. Bhain sé an craiceann dhí agu[s] chuir sé síos i bpota mór í. Nuair a bhí sí bruithte d'ith na gasúir, fear an tighe, agus bean an tighe, agus an fear strainséara a ndóthain feóla. Faoi cheann sgathaimh chuaidh siad ar fad a chodhladh. An chéad oidhche eile chuaidh an fear seo amach agus thug sé isteach caora mhór ramhar. Bhain sé an craiceann dí agus chuir sé síos i bpota mór í. Nuair a bhí sí bruithte d'itheadar a ndóthain feóla. An tríomhadh oidhche chuaidh sé amach agus thug sé isteach caora mhór. Bhain sé an craiceann dhí, chuir sé síos i bpota mhór í nuair a bhí sí bruithte d'itheadar a ndóthain feóla. Ar maidin nuair a d'eirigheadar ar maidin bhí duine ag an doras. Duine as an teach mór árd ba ghoire dhóibh é. D'fhiafruigh sé do bhean an tighe an mbeadh áit sa teach le haghaidh cómhra mór a fhágáil istighe go ceann sgathaimh. Dubhairt sí go rabh siad ag glanadh amach an tighe le haghaidh strainséara(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Neachtain
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- Glinn Chatha, Co. Galway