School: An Gort Mór (roll number 10582)

Location:
An Gort Mór, Co. Galway
Teacher:
Criostóir Mac Aonghusa
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 275

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 275

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Gort Mór
  2. XML Page 275
  3. XML “Táilliúr na Míoltóg”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    indon an t urd a chrochadh agus dubhairt sé go rabh a dhriotháir ag déanamh tigh nua in Éirinn agus go mba mhaith leis é a chaitheamh chuige. Dubhairt an fathach leis stopadh agus gan a bheith ag cainnt mar sin. "Caithfe mé féin é mar sin" adeir an fathach. Isteach leo agus dinnis an fathach an sgéal dhá mháthair. "Ná bí ag cainnt mar sin" adubhairt an mháthair ní rabh sé indon tada dhá shórt a dhéanamh. "Cuir síos fataí agus seacht gcaora go mbeidh fhios agam cé agaibh is fearr tú féin agus an fathach nó thú fhéin agus do dhriothár. Cuir an fathach síos na fataí agus mharbhuigh sé seacht gcinn do chaoirigh agus ghlan sé iad. An craiceann a bhí an fathach a bhaint do na caoirigh bhí an táilliúr dhá bhfuagháil dhá chéile. Chuir sé síos na caoirigh agus nuair a bhí siad réidh thosuigh siad ag ithe. Bhí an mála a rinne an táilliúr faoi na mhuineál aige agus bhíodh sé ag cur an chuid is mo dhó sa mála. Nuair a bhí an táilliúr réidh dubhairt sé leis an bhfathach go rabh sgéal aige dhó. "An méid atá ithte agam tá mé indon é a leigint amach" adeir an táilliúr. "Sin rud nach bhfuil mise indon a dhéanamh" adeir an fathach. Doscail an fathach a bholg agus cailleadh é. Bhí sé ag iarraidh a bheith chomh maith leis an táilliúr.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1045: Pulling the Lake Together
    AT1062: Throwing the Stone
    AT1088: Eating Contest
    AT1640: The Brave Tailor
    Language
    Irish
    Collector
    Bríghid Ní Ghaora
    Gender
    Female
    Age
    15
    Address
    Inbhear, Co. Galway
    Informant
    Tomás Ó Gaora
    Gender
    Male
    Age
    48