Scoil: An Gort Mór (uimhir rolla 10582)
- Suíomh:
- An Gort Mór, Co. Galway
- Múinteoir: Criostóir Mac Aonghusa
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gort Mór
- XML Leathanach 273
- XML “Táilliúr na Míoltóg”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus tá fir ag obair ann a chuile lá agus bíonn sé leagtha tráthnóna." Bfhearr dhuit a dhul dhá aire dhom anocht" adubhairt fear an tighe leis an táilliúr ingheall go bhfuil tú indon triúr a mharbhú daon bhuille amháin. D'imthigh an táilliúr an oidhche na dhiaidh sin go dtáinic sé go dtí an teach nua. Le tuitim na hoidhche tháinic an triúr fear chomh mór agus chonnaic tú ariamh. Suas leis an táilliúr agus shuidh sé ar thaobh an tighe. Thosuigh an triúr aca ag caitheamh an tighe anuas. Nuair a chonnaic an táilliúr iad chaith sé cloch bheag agus bhuail sé duine aca léithe. Thosuigh beirt aca ar a chéile agus as a dheire bhí duine aca caillte. D'imthigh an bheirt eile abhaile agus d'imthigh an táilliúr abhaile freisin. Nuair a chuaidh abhaile 'sé an chéad cheist a cuireadh air an ndearna sé aon mhaith ó dimthigh sé. Dubhairt sé go ndearna ach níor innis céard é. An oidhche na dhiaidh sin chuaidh sé amach arís agus is gearr go dtáinic siad arís. Chuaidh an táilliúr suas ar taobh an tighe agus chaith sé cloch bheag agus d'ionnsuigh an bheirt a chéile agus is gearr go rabh duine aca caillte. Dimthigh an duine sin abhaile agus d'imthigh an táilliúr freisin. Níor(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Bríghid Ní Ghaora
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Seoladh
- Inbhear, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Gaora
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 48