School: An Gort Mór (roll number 10582)
- Location:
- An Gort Mór, Co. Galway
- Teacher: Criostóir Mac Aonghusa

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 272
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gort Mór
- XML Page 272
- XML “Táilliúr na Míoltóg”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Táilliúr na MíoltógBhí táilliúr ann uair agus chonnaic sé go leor míoltóg ag imtheacht sa spéir. Bhuail sé le sean phíosa éadaigh éadaigh [!] iad agus mharbhuigh sé céad aca. Chuaidh sé go dtí fear ag iarraidh air claidheamh a dhéanamh dhó agus dubhairt sé leis freisin sgríobhadh air "an fear a mharbhuigh céad do bhuille amháin". Rinne an fear an claidheamh agus sgríobhadh sé an rud air. "Tá sé chomh maith dhom imtheacht agus obair agus obair [!] a fhágháil". D'imthigh sé leis agus is gearr go dtáinic sé go dtí teach mór ar taobh an bhóthair. Isteach leis agus bhuail sé ar an doras. Is gearr go dtáinic máighistir an tighe amach agus nuair a chonnaic sé an claidheamh tháinic faitchíos air. "Siubhail isteach" adeir fear an tighe is tú atá ag teastáil uaim anois". Isteach leis an táilliúr agus is gearr go rabh sé ina shuidhe i seomra chomh breágh agus a chonnaic sé ariamh. "Ó tá tú indon céad a mharbhú daon bhuille amháin" adubhairt an fear. "Is dóiche go bfhuil tú indon triúr a mharbhú". "Tá teach agamsa" adeir an fear(continues on next page)
- Collector
- Bríghid Ní Ghaora
- Gender
- Female
- Age
- 15
- Address
- Inbhear, Co. Galway
- Informant
- Tomás Ó Gaora
- Gender
- Male
- Age
- 48