School: An Gort Mór (roll number 10582)

Location:
An Gort Mór, Co. Galway
Teacher:
Criostóir Mac Aonghusa
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 272

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 272

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Gort Mór
  2. XML Page 272
  3. XML “Táilliúr na Míoltóg”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Táilliúr na Míoltóg
    Bhí táilliúr ann uair agus chonnaic sé go leor míoltóg ag imtheacht sa spéir. Bhuail sé le sean phíosa éadaigh éadaigh [!] iad agus mharbhuigh sé céad aca. Chuaidh sé go dtí fear ag iarraidh air claidheamh a dhéanamh dhó agus dubhairt sé leis freisin sgríobhadh air "an fear a mharbhuigh céad do bhuille amháin". Rinne an fear an claidheamh agus sgríobhadh sé an rud air. "Tá sé chomh maith dhom imtheacht agus obair agus obair [!] a fhágháil". D'imthigh sé leis agus is gearr go dtáinic sé go dtí teach mór ar taobh an bhóthair. Isteach leis agus bhuail sé ar an doras. Is gearr go dtáinic máighistir an tighe amach agus nuair a chonnaic sé an claidheamh tháinic faitchíos air. "Siubhail isteach" adeir fear an tighe is tú atá ag teastáil uaim anois". Isteach leis an táilliúr agus is gearr go rabh sé ina shuidhe i seomra chomh breágh agus a chonnaic sé ariamh. "Ó tá tú indon céad a mharbhú daon bhuille amháin" adubhairt an fear. "Is dóiche go bfhuil tú indon triúr a mharbhú". "Tá teach agamsa" adeir an fear
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1045: Pulling the Lake Together
    AT1062: Throwing the Stone
    AT1088: Eating Contest
    AT1640: The Brave Tailor
    Language
    Irish
    Collector
    Bríghid Ní Ghaora
    Gender
    Female
    Age
    15
    Address
    Inbhear, Co. Galway
    Informant
    Tomás Ó Gaora
    Gender
    Male
    Age
    48