School: An Gort Mór (roll number 10582)

Location:
An Gort Mór, Co. Galway
Teacher:
Criostóir Mac Aonghusa
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 271

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 271

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Gort Mór
  2. XML Page 271
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Bhí beirt driotháir ann fadó driotháir bocht agus driotháir saidhbhir.

    (continued from previous page)
    "Leigfead" adubhairt an fear a bhí sa mála. "Ach caithfe tú arádh an chainnt abhí mise ag rádh". Chuaidh sé síos an mála agus tosuigh sé ag rádh "tá mise ag dul go dtí mo Dhia. Chuir an fear bocht na beithigh abhaile. Nuair a tháinic an fear saidhbhir amach as an teach ósta bhí sé ag ceapadh go rabh a dhriotháir sa mála i gcomhnuidhe. D'imthigh sé leis gur tháinic sé go dtí loch. Chaith sé an mála isteach innte. D'imthigh leis abhaile agus é sásta leis fhéin. Maidin lá'r na bháireach chuaidh sé ag seóladh na mbeithigh amach ar an sliabh. Ar a bhealach abhaile cé d'fheicfheadh sé ach a dhriotháir ag siubhal an bhóthair. "Shíl mé gur bháith mé sa loch thú" adubhairt an fear saidhbhir. "Ar ndóigh tá draoidheacht agamsa agus bhí mé indon éirighe arís" adubhairt an driotháir bocht. "Bfhearr dhuit mise a bháthadh go bhfeicfe mé an bhfuil mé indon éirighe chomh maith leat sa" adeir an fear saidhbhir. Fuair an driotháir bocht mála. Chuir sé cloch ar a íochtar ionnós go dtiubhradh an meadhchan an mála síos. Chuaidh an fear saidhbhir síos sa mála agus shuidh sé ar an gcloich. D'imthigh an fear bocht go dtí an loch agus sé a dhriotháir isteach i lár na locha agus níor éirigh sé ariamh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1535: The Rich and the Poor Peasant
    AT1539: Cleverness and Gullibility
    Language
    Irish
    Collector
    Bríghid Ní Neachtain
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    Glinn Chatha, Co. Galway