School: An Gort Mór (roll number 10582)

Location:
An Gort Mór, Co. Galway
Teacher:
Criostóir Mac Aonghusa
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 268

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 268

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Gort Mór
  2. XML Page 268
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Bhí beirt driotháir ann fadó driotháir bocht agus driotháir saidhbhir.

    (continued from previous page)
    Nuair a chonnaic sé na daoine ar fad bhuail sé buille ar an gcraiceann agus thuit leath chóroinn as. Bhuail sé buille eile ar agus thuit leath chóroinn eile as. Cheannuigh a dhriotháir uaidh é. Thug sé céad punt dhó air. Nuair a tháinic sé abhaile labhair sé le na mhnaoi. "Beidh airgead go deo agam" adeir sé. Bhuail sé buille ar. Thuit leath chóroinn as. Bhuail sé buille eile ar. Thuit ceann eile as. Bhuail sé buille agus buille eile ar ach dhá mbeadh sé leis ó shoin ní thuitfeadh aon cheann eile as. "Nuair a gheobhfas sé amach nach bhfuil ann ach dhá phíosa airgid marbhóchaidh sé mise" adeir an driotháir bocht le na mhnaoi. "Marbhuigh thusa sicín agus tabhair leat cupán folo agus cuir i bhfolach in áit eicínt é agus déarfa mise gur mharbhuigh mé thú agus nuair a séidfeas mise an fheadóg seo éirigh beo arís". D'airigh sé a dhriotháir ag teacht agus chuir sé a bhean ar an leaba agus dhóirt sé an fhuil uirri. "Ó an bhfeicfeann tú céard a rinne mé ar. ball mo bhean a mharbhú" adeir sé. "Acht an bhfeicfeann tú an fheadóigín sin tá mé indon í a dhéanamh beo léithe sin arís". "Ó muise déan beó í go bhfeicfe mé an fíor dhuit é. "Bí beo. "Bí beo. "Bí beo" adubhairt an fheadóg agus d'éirigh an bhean suas agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1535: The Rich and the Poor Peasant
    AT1539: Cleverness and Gullibility
    Language
    Irish
    Collector
    Bríghid Ní Neachtain
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    Glinn Chatha, Co. Galway