School: An Gort Mór (roll number 10582)

Location:
Gortmore, Co. Galway
Teacher:
Criostóir Mac Aonghusa

Filter stories

Back
/ 309 Forward
Resolution: Low | High
An Gort Mór | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 267

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(no title)

Bhí beirt driotháir ann fadó driotháir bocht agus driotháir saidhbhir.

Bhí beirt dhriotháir ann fadó driotháir bocht agus driotháir saidbhir. Ní rabh ag an driotháir bocht ach aon bhó amháin agus bhí scór ag an driotháir eile. Leanach bó an fhir bhoicht beithigh an driotháir saidhbir chuile mhaidin agus tráthnóna. Bhí droch bhealach ag na bethigh le dhul agus d'orduigh an driotháir saidhbhir dhá dhriothár casán a déanamh nó go marbheóchaidh sé a bhó nuair a bheadh sí ag teacht abhaile. Ní dhearna sé aon chasán le haghaidh na mbeithigh. Aon tráthnóna amháin ní fhaca an driotháir bocht ná a bheann an bhó ag teacht inéindige leis na beithigh eile. Chuaidh an fear amach dhá cuartsé. Ba gearr go bhfaca sé beithigheach i bhfas uaidh. Rinne sé air. Nuair a bhí sé gar dhó bhí fhios aige gur b'í a bhó féin a bhí ann. Nuair a tháinic sé go dtí í bhain sé dhí an craiceann. Thug sé leis abhaile é. Thriomuigh sé é agus chuir sé leath-chóroinn sa chuile choirnéal dhe. Thug sé ag an aonach é

(continues on next page)
Collector
Bríghid Ní Neachtain
Gender
female
Age
14
Address
Glencoh, Co. Galway
Informant
(name not given)
Relation
not a relative
Age
65
Language
Irish