School: An Gort Mór (roll number 10582)

Location:
An Gort Mór, Co. Galway
Teacher:
Criostóir Mac Aonghusa
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 253

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 253

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Gort Mór
  2. XML Page 253
  3. XML “Bean an Rí agus an Iníon”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    mhór ar an teallach. Is gearr go dtáinic triúr fear isteach agus iad gléasta go deas. Dubhairt duine aca léithe a dhul amach agus an sneachta a ghlanadh as an t-sráid. Chuaidh sí amach agus thosuigh dhá ghlanadh. Is gearr go rabh an t-sráid an ghlan. Nuair a chonnaic siad chomh deas agus chomh múinte agus bhí sí dubhairt siad go mbeadh sí pósta le Mac Rí agus go mbeadh píosa airgid faoi na cloigeann a chuile mhaidin chomh luath agus bheadh sí na suidhe. D'innis sí dhóibh gur chuir an leas mháthair amach ag iarraidh sméara í agus nach rabh sí indon iad fhághail. "Tá cuid mhaith aca annseo" adeir duine do na fir. Fuair sí lán an mhála do na sméara agus d'imthigh léithe. Is gearr go dtáinic sí go dtí an teach agus thug sí na sméara don leas mháthair. Chuile lá bhíodh píosa airgid faoi na ceann agus dinnis sí an sgéal ó thús deire go tosaigh don leas mháthair. Cupla lá na dhiaidh sin chuir sí amach a h-inghean féin annsin ag ceapadh go mbeadh an t-ádh céadna uirri. D'imthigh léithe agus is gearr go dtáinic an triúr fear isteach agus iad gléasta go deas. Bheannuigh siad di agus bheannuigh sí dhóibh. Dubhairt duine aca léithe a dhul amach agus an t-sráid a ghlanadh. Dubhairt sí nach ndéanfadh go rabh sí fuar. "Béidh tusa dóighte idir teara agus tiocfa teine dhearg amach as do bhéal a chuile lá" adeir na fir. D'imthigh an inghean léithe
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0403: The Black and the White Bride
    Language
    Irish
    Collector
    Bríghid Ní Ghaora
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    Inbhear, Co. Galway