School: An Gort Mór (roll number 10582)

Location:
An Gort Mór, Co. Galway
Teacher:
Criostóir Mac Aonghusa
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 251

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 251

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Gort Mór
  2. XML Page 251
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Bhí bean ann fadó agus bhí triúr inghean aice

    (continued from previous page)
    Tháinic an inghean isteach agus ní rabh aon uisge aice. Bhain an bhean an cloigeann dhi. Nuair nach rabh an dara h-inghean ag teacht dubhairt an tríomhadh inghean go n-imtheóchadh sí féin ar aimsir. Chuir an mháthair cáca beag agus caca mór síos: Thug an inghean an cáca beag léithe. D'imthigh sí léithe gur tháinic sí go dtí teach. Bhuail sí ar an doras. Tháinic bean amach chuice. "Tá mé ag iarraidh aimsire má sé do thoil é". Chuir an bhean an inghean amach ag iarraidh uisge le siothalán. Bhí crann os cionn an tobair agus chonnaic sí éan air. Dubhairt an t-éan léithe léithe [!] fear [!] a chur ar an siothalán agus an tuisge a thabhairt isteach. Chuir sí an féar air. Thug sí isteach an t-uisge. Dubhairt sí léithe port a chasadh agus nuair a bhí sin déanta aice bhí an bhean na codhladh. Chuaidh an ingean siar sa seomra agus thug sí an mála airgid léithe agus d'imthigh sí léithe gur tháinic sí go dtí teach a máthair. Ní rabh fhios ag an mnaoi céard a déanfadh sí. Shiubhail sí léithe gur tháinic sí go dtí teach ach ní rabh an inghean ann. Chuaidh sí abhaile annsin agus í go tinn mar gheall ar go rabh an mála ag an inghean. Chuaidh an inghean abhaile go teach a máthair agus bhí an áthas ar an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0480: The Spinning‑Women by the Spring. The Kind and the Unkind Girls.
    AT1180: Catching Water in a Sieve
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Ní hUlláin
    Gender
    Female
    Age
    13
    Address
    Gortmore, Co. Galway