School: An Gort Mór (roll number 10582)
- Location:
- An Gort Mór, Co. Galway
- Teacher: Criostóir Mac Aonghusa
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gort Mór
- XML Page 250
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí bean ann fadó agus bhí triúr inghean aice”
Bhí bean ann fadó agus bhí triúr inghean aice. Dubhairt an inghean is sine go rabh sé in am aice féin a dhul ar aimsir. Chuir an mháthair síos cáca beag agus cáca mór. D'fhiafruigh an mháthair dhí cé aca a b'fhearr léithe dubhairt sí go mbearr léithe an cáca beag agus mallacht. Thug sí léithe an cáca beag agus d'imthigh sí. Is gearr gur tháinic sí go dtí teach. Bhuail sí ar an doras. Tháinic bean an tighe amach aice. D'fhiafruigh an inghean dhí ar theastuigh cailín aimsire uaithe. Thug sí isteach í agus chuir sí amach ag iarraidh uisge le siothalán í. Tháinic sí isteach agus ní rabh aon uisge aice. Bhain an bhean an cloigeann dhi. Nuair a bhí an dara h-inghean na bean dubhairt sí le na máthair gur rabh sé in am aice fhéin a dul ar aimsir. D'fhiafruigh an mháthair dhi cé aca cáca a thóigeadh sí. "An cáca beag" adeir sí. Is gearr gur tháinic sí go dtí teach. Bhuail sí ar an doras. Tháinic bean amach aice. "Céard atá uait" adeir an bhean léithe. "Ta aimsir" adeir an inghean. Chuir an bhean amach í ag iarraidh uisge le siothalán.(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní hUlláin
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- Gortmore, Co. Galway