School: An Gort Mór (roll number 10582)

Location:
An Gort Mór, Co. Galway
Teacher:
Criostóir Mac Aonghusa
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 247

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 247

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Gort Mór
  2. XML Page 247
  3. XML “An Gabhar agus na Meannáin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    rith chuile cheann aca taobh thiar don doras agus ceann aca suas sa silméar agus péire sa seomra. Chuaidh ceann eile taobh tiar do doras an t-seomra agus ceann isteach sa gclog. D’ith sé chuile ceann aca ach an cheann aca ach an ceann [!] a bhí le fagháil sa mbaile. D’imthigh sé leis go ndeacha sé go dtí an choill. Is gearr go dtáinic an gabhar abhaile ach ní rabh ceann ar bith do na mionnáin ann roimhe. D’innis an mionnán dhó cé rabh an chuid eile. D’imthigh an gabhar leis agus thug leis snáthad agus snátha agus chuaidh an mionnán in aonfheacht leis go dtí an choill. Nuair a tháinic siad ann fuair siad an mac-tíre sínte ó chluais go iorball agus gan é indhon éirghe. Tháinic an gabhar go réidh as cionn an mhac tíre agus d’osgail sé a bholg. Tháinic chúig cinn go mhionnáin amach in diaidh a chéile. Chuir an gabhar clocha i náit na mionnáin agus chuir sé caoi air an mac tíre mar bhí sé. D’imthigh na mionnáin agus an gabhar abhaile agus d’fág siad sínte annsin. Is gearr gur éirigh sé agus ní rabh fhios aige beó cé rabh sé. Tháinic an-tart air agus dubhairt sé leis féin go rabh sé ag dul ag an abhainn le deoch fhagháil. Nuair a shíl sé an deoch ól thuit sé isteach san abhainn agus báitheadh é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0333: The Glutton (Red Riding Hood)
    Language
    Irish
    Collector
    Bríghid Ní Ghaora Inbhear
    Gender
    Female
    Age
    15
    Address
    Inbhear, Co. Galway
    Informant
    Tomás Ó Gaora
    Gender
    Male
    Age
    50
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Inbhear, Co. Galway