School: An Gort Mór (roll number 10582)
- Location:
- An Gort Mór, Co. Galway
- Teacher: Criostóir Mac Aonghusa
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gort Mór
- XML Page 246
- XML “An Gabhar agus na Meannáin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Gabhar agus na MionnáinBhí gabhar ann uair agus bhí sé mhionnáin aige. Lá amháin dubhairt an gabhar go rabh sé féin ag dul amach sa gcoill ag iarraidh rud le n-ithe agus dubhairt sé leis na mionnán gan aon duine a leigint isteach go mbeadh sé féin sa mbaile tráthnona. Dubhairt na mionnáin go mbeadh sé ceart. D’imthigh an gabhar leis agus ní rabh sé abhfad imtighthe go dtáinic duine chuig an doras. Bhuail an duine taobh amuigh agus chomh luath agus chuala na mionnáin ag an doras tháinic faitchíos ar chuile cheann aca. Chuaidh ceann aca go dtí an doras ar éigin. Dubhairt sé leis an duine a bhí ag an doras a chos a chuir isteach. “Ní tusa m’athair” adeir an mionnán “tá cosa geala ar m’athair-sa”. D’imthigh an mac-tíre leis go dtí an muileann agus chuir cosa geala air féin le plúr. D’imthigh leis arís go dtí teach na mionnáin agus bhuail ar an doras arís. Tháinic an mionnán go dtí an doras agus d’osgail an doras dhó nuair a chonnaic sé na cosa geala air. Nuair a chonnaic na mionnáin an mac tíre ag teacht isteach(continues on next page)
- Collector
- Bríghid Ní Ghaora Inbhear
- Gender
- Female
- Age
- 15
- Address
- Inbhear, Co. Galway
- Informant
- Tomás Ó Gaora
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Inbhear, Co. Galway