School: An Gort Mór (roll number 10582)
- Location:
- An Gort Mór, Co. Galway
- Teacher: Criostóir Mac Aonghusa
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gort Mór
- XML Page 241
- XML “An tSeanbhean agus an Iníon”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Annsin ní rabh duine ar bith sa teach ach an cat. Bhí an t-sean-bhean ag ceól i dteach a bhí i ngar do'n teach. Tháinic an rí agus bhí an t-sean-bhean sa teach nuair a tháinic an rí. Dubhairt an bhean go rabh sí ag an gceól. An oidhche eile bhí an rí ag dul ag ceól freisin. Bhí bróga ór ar an mnaoi agus nuair a bhí sí ag teacht amach an doras bhain an rí bróg dhá cois. Chuaidh an bhean amach abhaile agus bróg uirthe. Tháinic sí go dtí teach an Ríogh. Bhí an cat sa teach nuair a tháinic an bhean go dtí é. Bhí áthas air an gcat nuair a tháinic sí. Chuir sí an teine síos. Bhí an bhróg in a láimh ag an rígh ag teacht isteach an doras dó. Nuair a bhí an dinnéar ithte ag an rígh dubhairt sé le bean an tighe an bhróg a thabhairt go dtí an áit a rabh sé. "Cuir an bhróg seo ort" adubhairt sé. Chuir sí an bhróg uirthe. Dubhairt sí le bean an tighe an bhróg a chuir dhá cois. Chuir an cailín aimsire an bhróg uirthe. Chuaidh an rí amach an dara h-oidhche agus bhí an cailín sa teach. Bhí an ceól sa teach. Ní rabh sa teach an oidhche seo ach an cailín agus an cat. Dubhairt an cailín go rabh sí ag dul ag an gceól. Dubhairt an cailín leis an gcat an tae a(continues on next page)
- Collector
- Cáit Ní Bhéarrthigh
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- Indreabhán, Co. Galway