School: An Gort Mór (roll number 10582)
- Location:
- An Gort Mór, Co. Galway
- Teacher: Criostóir Mac Aonghusa

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 215
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gort Mór
- XML Page 215
- XML “Mac Rí Éireann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí mac Ríogh Éireann agus a dhriotháir ag siubhlóid lá. Bhí an lá ag cur shneachta. Ní fhaca siad ach fiach dubh. Chaith mac an Ríogh leis agus thuit sé marbh anuas ar an sneachta. "Ní phósfa mise aon bhean go deó ach bean a mbéidh a gruaig chomh dubh leis an bhfiach dubh agus a leicne chomh dearg leis an sneachta a raibh fuil air", adubhairt sé. Chonaic siad solus i bhfad amach sa sliabh. D'imthigh siad leo agus rinne siad ar an mbothán agus chuaidh siad isteach ann. D'fhan siad sa mbothán go maidin. Chuaidh siad ag an aifreann Dé Domhnaigh. Bhí fear marbh ag doras an t-séipéil agus buailfeadh na daoine cois air. D'fhiafhruigh mac Ríogh Éireann dhoibh cé an fáth a rabh siad ag bualadh cois ar an bhfear marbh. "Níor íoc sé a chuid fiacha" deir siad. "Íocfa mise dhó iad" adeir mac an Ríogh. D'íoc sé dhó iad agus thóg na daoine ó dhoras an t-séipéil é. Lá dhá rabh mac an Ríogh na shuidhe amuigh dhó fhéin tháinic fear go dtí é. D'fhiafruigh sé dhó an mbeadh aon fhear oibre oil ag teastáil uaidh. "Tá" adeir sé "ach ní féidir liom mórán(continues on next page)
- Collector
- Bríghid Ní Neachtain
- Gender
- Female
- Age
- 14