School: An Gort Mór (roll number 10582)
- Location:
- An Gort Mór, Co. Galway
- Teacher: Criostóir Mac Aonghusa
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Má thugann thusa aire do mo mháthair an fhad a bhéas sí beo gabhfa me fhéin ar an uaigh'." Maise m'anam fhéin go dtiubhradh agus fáilte " adeir bean a tighe. D'imthigh léithe agus ní i bhfad a bhí sí ar siubhal gur casadh sagart di. D'fhiafruigh sé dhí cá rabh sí ag dul. D'innis sí dhó. Thug sé fáinne dhi agus dubhairt léi é choinneál, go mbeadh sé ag teastáil uaithe fós. Chuaidh sé féin i n-éindigh léi. Ghearr sé fáinne thart ar an áit a rabh an bhean 'na suidhe. D'imthigh an sagart leis. Bhí an bhean istigh sa bhfáinne agus ní rabh tada le feiceál aice. Dfhan sí annsin sgathamh eile ach is gearr go bhfaca sí rud eicín ag déanamh oirri. (chuichi?) Tháinic sé agus thosaigh sé ag cartadh na h-uaighe. Ba ghearr gur tharraing sé an corp aníos as. Thug sé leis é agus an bhean go dtáinic sé go hifreann. Badh bhé (sic) an deabhal a bhí ann. Chuir sé ag dóghadh na n-anamacha in ifreann í. Ní rabh sí ag ithe bidh ar bith ann. An biadh a thugaidís di chaitheadh sí síos i bpoll é. Nuair a(continues on next page)
- Collector
- Bríghid Ní Neachtain
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Informant
- Máire Ní Ghrillghais
- Gender
- Female
- Age
- 80