School: An Gort Mór (roll number 10582)
- Location:
- An Gort Mór, Co. Galway
- Teacher: Criostóir Mac Aonghusa
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gort Mór
- XML Page 182
- XML “Pisreoga a Chruinnigh Malraigh Scoil an Ghoirt Mhóir, Ros Muc”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Pirseoga a chruinnigh malraigh Sgoil
an Ghuirt Mhóir, Rosmuc idir an
10-11-37 & an 18-11/37, óna muintir sa
mbaile.1. Cuireann siad splannc faoi an gccuinneóig nuair atá siad ag déanamh an mhaistre. Fatchíos go dtiubhradh na sidheóga an t-im leo.2. Mé thagann duine isteach is tú ag déanamh máistre buaileann sé thrí bhuille don luithne ar thóin na cuinneóge fatchíos go dtiubhradh sé an t-im leis nuair a bheadh sé ag imtheacht.3. Ní tugtar bainne amach á bealtaine faithchíos go dtiubhradh sé im na bliadhna leis.4. Cuireann siad ruibín dearg ar dhriobhall na bó nuair atá sí thar éis laoigh.5. Nuair atá páiste óg ann agus sean bhean a theacht isteach cuireann sí bail ó Dia fluich air.6. Ní tugtar aon teine amach lá bealtaine.7. Tá sé ráidhte má théigheann duine tharat is tú sínte siar cuirtear iallach ar a dul thart an bealach céadna arís mar tá sé ráidhte nach méadóchtá,8. Níl sé ceart t-aghaidh a bheith ar an teine agad nuair a bhéas tú ag rá an phaidirín.9. Má bhriseann tú an scáthán tá sé ráidhte nach mbeidh an t-ádh ort go ceann sheacht mbliadhan.10. Níl sé ceart ag bean a dul isteach i dteach(continues on next page)