School: Camus (roll number 11290)
- Location:
- Camas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig S. Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Camus
- XML Page 168
- XML “Seanfhocla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sean Fhocla.
1: Nuair is cruaidh do'n chailligh caithfidh sí rith.
2: Ní cruaidhe na clocha glasa ná na lámha folamha.
3: Cailleach is ciall aici, rud nach raibh 'riamh aici.
4: An té nach bhfuigheann an fheóil, is mór is fiú an t-antra.
5: Is feárr marcaidheacht ar ghadhar na coisidheacht dá fheabhas.
6: Ná comhairigh na sicíní go dtagaidh siad amach.
7: An té nach mbíonn ciall aige, bíonn fán air.
8: Is iomdha fear fada a bhíos lag 'na lár.
9: Is feárr teach beag is teann lóin ná teach mór ar bheagán bídh.
10: Níor bhris focal maith fiacal 'riamh.
11: Mol an óige is tiocfaidh sí.
12: An té a bhfuil cáil na mochóireachta amuigh dhó féadfaidh sé codladh go meadhan-lae.
13: Is fearr breathnú rómhat ná dha bhreathnú id' dhiaidh.
14: 'A fhad é an lá tagann an oidhche.
15: Tá stóir mór i gcómhra Chríost.
16: Is iomdha iasc i Loch Éirne.
17: Is iomdha sléibhte i gConamara.
18: Nuair a labhruigheanns an Sasanach bearla ní 'na bhéal a bhíos a theanga.
19: Is iomdha lá sa gcill orainn.
20: Níl eólas gan aon-tigheachas.
21: Is giorra cabhair Dé ná an doras.
22: Nil fhios 'at cé h-é aon nduine go n-íosfaidh tú leith-chéad salainn leis.(continues on next page)