School: Camus (roll number 11290)
- Location:
- Camas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig S. Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Camus
- XML Page 145
- XML “Nóra Ní Chonchubhair Bháin”
- XML “Pisreogaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Nóra Ní Chonchubhair Bháin (continued)
“Fadó thug mé grádh do chailín óg sa ngleann”
(continued from previous page)Nach iomdha oidhche a chaith mé ar thaobh an chnuic úd thall,
Is gan fasgadh ar bith againn ann ná dídean,
Acht ag comhrádh le mo ghrádh, cé gur doiligh liom-sa a rádh,
An seanchas a bhí eadrainn a innseacht.
Acht a' bhfuil galra ar bith le fághail
Chomh chlaoidhte bocht le grádh
Cé go sgaipeann an bás go fánach daoine.
Ach céad glór do Rígh na nGrást
Ní hamhlaidh féin atá
Acht is gearr go mbeidh mo chleamhnas déanta.- 1.
Dá mbeadh duine sa teach amuigh deireannach agus tada éirghe dhó thiubhraidhe salann dó nuair a thiocfadh sé.
2.
Nuair a bhíonn laogh ag bó cuirtear ruadhóg dearg ar an iorball. Cuirtear coinneall lasta trí h-uaire timcheall na bó.
3. Dá mbeadh duine ag dul ar aonach agus bean ruadh a chasachtáil dó déarfaidís nach n-éireochadh an lá leis.
4.
Oidhche féile Mhártain nuair déantar íodhbairt cuirtear cuid de'n fhuil ar bhaithis an lín-tíghe.- Informant
- Sinéad Uí Fhineachta
- Gender
- Female
- Address
- Gleann Trasna, Co. Galway