Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)

Suíomh:
Camas, Co. Galway
Múinteoir:
Pádraig S. Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 141

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 141

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Camus
  2. XML Leathanach 141
  3. XML (gan teideal)
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    A Mhuire dhílis is a Mháthair Íosa

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    gur cailleadh í sa'n mbliadhain 1936. Ón a h-athair is a mathair féin a chuala sise na paidreachai.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    An suan sin ort a mháthair

    An suan sin ort, a Mháthair,
    Ní headh, a mhic, acht an aisling.
    Céard é an aisling sin, a mháthair,
    Sé an aisling sin, a Mhic
    Go mbeidh tusa dho d'chéasadh amáireach
    Go mbeith tú do d'cheangail le róipín caol enáibe[?]
    Go gcuirfear táirgní móra luaighte thrí d'chroidhe, do chosa agus thrí do lámha.
    Go mbeidh fuil uasal do chroidhe istigh dhá dhóirteadh ar leacrachaibh na sráide.
    Ó, is fíor an suan sin duit, a mháthair, níl duine a dhéarfadh t'aisling ag dul i mbás[?] codlata na h-oidhche nach mbeadh aige na flaithis le fághail.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Sinéad Bean Uí Fhineachta
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Gleann Trasna, Co. Galway