School: Camus (roll number 11290)
- Location:
- Camas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig S. Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ní raibh aon tsalainn le fagháil. Thosuigh sé ag meilt salainn go raibh an long 'anns a bheith báithte dho ordlach. Ní raibh a fhios acu céárd a dhéanfaidís léithi. Is gearr gur chaitheadar amach sa bhfairrge í agus sin é an fáth a bhfuil an fhairrge guirt mar bhíodh sí ag meilt go deo agus go bráthach.
- Bhí fear fadó ann ag gabhail ar an aonach le peidhre beithidheach. Bhí gadaidhe ar an mbaile, agus bhí fhios aige go raibh Pádhraic, sé sin fear na mbeithidheach, le gabhail ar an aonach ar maidin. Bhí péidhre bróg ag an ngadaidhe agus leag sé ceann don a brógaibh tuairm is míle ó theach Phádraic ar an mbóthar.
Dubhairt fear na mbeithidheach leis féin "Is deas an bhróg í sin marach go bhfuil sí salach". Bhí sé ag siubhal annsin go raibh píosa maith siubhalta aige agus tháinic sé ar an mbróig eile.(continues on next page)- Informant
- Seán Breathnach
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Leitir Móir, Co. Galway