School: Camus (roll number 11290)
- Location:
- Camas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig S. Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Camus
- XML Page 096
- XML “Bean a Raibh Mac Aici”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)d'fhiafruigh sí dhó cé mbfhearr leis an cáca móre is a mallacht nó an cáca beag is a beannacht. Dubhairt sé go mb'fhearr leis an cáca mór is a mallacht.
Thug a mháthair an cáca mór is a mallacht dhó. D'imthigh sé leis no gur tháinic sé go dtí an tobar. Is gearr a bhí sé annsin nó gur tháinic an cú go dtí é. D'iarr sí píosa air. Dubhairt sé nach dtiubhradh, go raibh-sé sáthach gann aige féin. D'imthigh an chú leí annsin. Nuair a bhí sé bliadhain imthighthe dubhairt an darna mac go ngabhfadh sé ar a thuairisg.
Dubhairt a mháthair leis a dhul amach agus canna uisge a thabhairt isteach. Chuaidh sé amach ag iarraidh an uisge. Chuir sé an canna sa tobar agus thóig sé acht braon beag. Thug sé isteach 'ig a mháthair é. D'fhiafruigh sí dhó cé mb'fhearr leis an cáca beag is a beannacht no an cáca mór is a mallacht. Dubhairt sé go mb'fhearr leis an cáca mór is a mallacht. Thug sí an cáca mór is a mallacht dhó. D'imthigh sé leis no gur tháinic sé go dtí an tobairín. Ní raibh(continues on next page)- Informant
- Micheál Ó Cuáláin Phádraic
- Gender
- Male
- Age
- c. 70
- Address
- Camas Uachtair, Co. Galway