School: Camus (roll number 11290)
- Location:
- Camas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig S. Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Camus
- XML Page 093
- XML “Rí na hÉireann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus bíonn siad 'na suidhe ar maidi[n]", ar siad-san.
"Muise, Bhí fear agam-sa agus fear ar bith a mharbhóchadh sé, ní éiréochadh sé", adeir sise.
"Cá 'il sé anois no an beo nó marbh é".
Tá sé thíos insan luing", ar sise.
"An bhfuil glas air", ar siad.
"Tá", adeir sise.
Thug sí dhóibh an eochair agus as go brách leo to dtí an tráigh. Nuair a chuaidh siad siar i ndeireadh na luinge fuair siad an seomra a raibh Céadtach ann. Thug beirt acu an colainn leobh agus duine eile an cloigeann. Nuair a tháinic siad go dtí an bráca beag aríst chuaidh siad siar sa seómra beag ar chúl na teineadh le Céadtach.
Ní raibh sé aon bhlas le leath-uair sa seomra nuair a tháinic sé aniar an doras chomh maith is bhí sé ariamh.
"Tiubhra mise sgith dhíbh-se, anois", adeir sé leis an triúr eile".
"Gabh isteach sa seomra beag sin agus fágh culaith éadaigh dhuit fhéin agus claidheamh" adeir siad-san leis.
Chuaidh sé isteach agus fuair sé an rud a bhí sé a' iarraidh. Shiubhail sé leis suas na cnocháin raithneachai. Ba ghearr(continues on next page)- Informant
- Séamas Ó Tuathail
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- Gleann Trasna, Co. Galway