School: Camus (roll number 11290)

Location:
Camas, Co. Galway
Teacher:
Pádraig S. Ó Conchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 067

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 067

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Camus
  2. XML Page 067
  3. XML “Fir Láidre”
  4. XML “Minnchir is Meannchar”
  5. XML “Pisreogaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bhí deirbhfhiúir eile ag an gCailleach Bhéarra agus sé an t-ainm a bhí uirthi Síle na mBrobh. Bhí sise 'na cómhnaidhe i bhFiónán agus an Chailleach 'na cómhnaidhe in Úraid. Ní bhíodh acu acht pota amháin leis na fataí a bhruith agus nuair a bhíodh an bhean thiar réidh leis chaitheadh sí soir 'ig an mbean thoir é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Minnchir is Meannchar
    Beirt dearbhrathair a bhí ionnta agus d'ith Meannchar na súbh-chraoibh ar Mhinnchir agus theastuigh slat ó Mhinnchir le é a bhualadh. Theastuigh bealadh uaidh le h-aghaidh ioscadaí ealla. Ealla a shnámhfadh uisge. Uisce fhliuchfadh cloch. Cloch a ghéaróchadh tuagh. Tuagh a bhainfeadh slat. Slat a bhuailfeadh Meannchar a d'ith mo chuid súgh-chraobh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.