School: Camus (roll number 11290)

Location:
Camas, Co. Galway
Teacher:
Pádraig S. Ó Conchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 041

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 041

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Camus
  2. XML Page 041
  3. XML “Mac na Baintrí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Mac na Baintreabhaighe
    Bhí mac baintreabhaighe fadó ann agus lá amháin ní raibh tada le déanamh aige ach a chlaidheamh a thabhairt leis agus a ghabhail síos ar an tráigh. Bhain sé sliseóg de chrann agus chuir sé na céadta mílte sa bhfairrge é agus rinne sé long bhreágh sheóil dhe. Ní dheárna sé acht a dhul de léim isteach innti de'n tráigh. Chroch sé suas na seólta móra bána agus bhí sé ag imtheacht agus ag siór-imtheacht go dtáinic se i dtir ar oileán.
    Chuaidh sé suas an t-oileán agus tháinic sé isteach i dteach mór agus nuair a tháinic sé isteach sa gcistinigh chonnaic sé trí phláta fataí agus trí phláta feóla agus trí mhug anbhruith ar an mbord. Bhain sé greim as 'chaon phláta agus blogam ar 'chaon mhug agus d'airigh sé torann ag tigheacht agus breathnuigh sé amach. Chonnaic sé triúr fáthaigh móra grándha ag tigheacht. Tháinic roinnt faithéis air agus chuaidh sé i bhfolach isteach faoi éadach an bhoird.
    Tháinic na triúr fáthaigh isteach agus iad stróichthe millte gearrtha. Chuaidh siad suas i seoimrín beag dorcha agus nuair a tháinic siad anuas
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Cáit, Bean Uí Ghiobúin
    Other names
    Cáit, Bean Uí Ghiobúin
    Ceata, Bean Uí Ghiobúin
    Gender
    Female
    Age
    65
    Address
    Camas Uachtair, Co. Galway